Tairngreacht Cholm Cille – beithígh ag an doras nach mbeadh bia ná deoch de dhíth orthu (tarracóirí). Dúirt sé nach mbeadh Gartán choíche gan capall bán. Ceann eile a bhí aige ná nach mbeití ábalta an difir a insint idir iníon fhir shaibhir nó iníon fhir bhoicht.